Nuacht

Seoladh Studia Hibernica 50

Is í an Dr Elizabeth Boyle, Ollscoil Mhá Nuad, a dhéanfaidh Imleabhar 50 (2024) de Studia Hibernica a sheoladh i dTeach Belvedere, Seomra C205 (An Leabharlann), Campas Phádraig, DCU, ar 6.00pm, Dé Céadaoin 13 Samhain. Fáilte roimh chách agus beidh sólaistí ar fáil. Tá Iml. 50 de Studia Hibernica curtha in eagar ag an Ollamh Ciarán Mac Murchaidh agus an Dr Sparky Booker agus tá aistí leis na húdair seo a leanas ann: James Kelly, Mariamne M. Briggs, Luke McInerney agus Robert O’Halloran, Jamie Murphy, Ciara Flynn, A. J. Hughes, Conor Roddy agus Cormac Bourke.

Seoladh

Seoladh Studia Hibernica 44

Is é an tOllamh Ruairí Ó hUiginn MRIA, Stiúrthóir Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, a dhéanfaidh Imleabhar 44 (2018) de Studia Hibernica agus an suíomh idirlín nua a sheoladh sa Spás Taispeántais, Leabharlann Uí Chriagáin, Campas Phádraig, DCU ar 6.00 pm, Dé Máirt 11 Nollaig. Fáilte roimh chách agus beidh sólaistí ar fáil. Tá aistí leis na húdair seo a leanas in Imeabhar 44: Brideen Hickey, Felix Levin, Edward Pettit, Fiachra Ó Cionnaith, Richard Sharpe, Pádraig A. Breatnach agus Laurence Marley. Beidh cóipeanna ar fáil ag an seoladh.