Seoladh Studia Hibernica 50
Is í an Dr Elizabeth Boyle, Ollscoil Mhá Nuad, a dhéanfaidh Imleabhar 50 (2024) de Studia Hibernica a sheoladh i dTeach Belvedere, Seomra C205 (An Leabharlann), Campas Phádraig, DCU, ar 6.00pm, Dé Céadaoin 13 Samhain.

Tá Studia Hibernica á fhoilsiú ón bhliain 1961 i leith. Díríonn an t-irisleabhar ar léann na Gaeilge agus litríocht na Gaeilge, stair agus seandálaíocht na hÉireann, béaloideas na hÉireann agus an logainmníocht, agus ábhair ghaolmhara eile.
Is í aidhm an irisleabhair taighde scoláirí sna réimsí seo den Léann Éireannach a chur chun cinn agus, dá thoradh sin, scoláirí a chur i láthair dá chéile agus don phobal. Féachtar le roinnt alt a chur ar fáil i ngach eagrán a gcuirfear spéis ghinearálta iontu toisc, mar shampla, go gcíorann siad tréimhse ama nó téama faoi leith sa stair nó sa litríocht.
Eagrán ReathaImleabhar 50, Eagrán 1, 2024
FéachISSN Clóite: 0081-6477 / ISSN ar Líne: 2397-4532